Conchúr Mag Eacháin
banner
mageachain.bsky.social
Conchúr Mag Eacháin
@mageachain.bsky.social
Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA.
Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC
Pinned
Níl a fhios agam fán witchcraft ach is cinnte gur charmers muid gan amhras.
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
November 28, 2025 at 7:07 PM
40 euro leaids. Abair margadh maith! Bhain mé úsáid as cód a fuair mé fríd nuachtlitir @leabharbreac.bsky.social
November 28, 2025 at 1:01 PM
"Ná bac lena dhul amach inniu! Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann!" — níl aon mhaith bheith ag caint faoi a dhul ag obair inniu. Tá an bháisteach an-trom.

Níl a fhios agam an bhfuighinn away leis an leithscéal seo is mé ag obair ón bhaile 🤔

focloiruichadhain.ria.ie/1/?txt=luch+...
November 28, 2025 at 9:14 AM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Bólaer
Baudelaire
Bóidhléir
Bód Léir
Bódailéir
Bódhlaer
Bónlaer
An ceann nua sin le Darach Ó Scolaí

Bódléar

Buaicshaothar Ghradam Uí Shuilleabháin de chuid an Oireachtais, agus Gradam Leabhar Ficsin na Gaeilge de chuid An Post, 2025.
November 28, 2025 at 7:45 AM
Mar a dúirt mé cheana maram, deir mo níon 'cut' in áit 'cat'. Ultach mná an múinteoir atá aici i mbliana.
"Ach cad a deir do mhúinteoir nua?" arsa mise.
"Oh she says cat in English like you," ar sí.

An t-aon rud dearfach a bhain mise as seo ná gur léir nár chuala sí "cyet" mo chuid Béarla ariamh.
a close up of a purple hand with a yellow stripe on it and the words make gifs at gifsoup.com below it
ALT: a close up of a purple hand with a yellow stripe on it and the words make gifs at gifsoup.com below it
media.tenor.com
November 27, 2025 at 7:23 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI  
Uirlis nua fotheidealaithe Gaeilge forbartha ag Abair.ie le AI
Tugadh taispeántas den uirlis nua ‘Fotheideal’ ag ‘réamhsheoladh’ a bhí ar siúl ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste
tuairisc.ie
November 7, 2025 at 5:46 AM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Agus d'aghaidh soir bíonn do dheasóg sa deisceart (suas). Bíonn do chiotóg ó thuaidh (síos). Síos = ó thuaidh i dtreo an dorchadais agus an fhuachta. Suas = ó dheas i dtreo an tsolais (na gréine) agus an teasa. Scríobh mé beagán fá dtaobh de in "Ar Chreag i Lár na Farraige." Cosmeolaíocht na nGael.
November 27, 2025 at 4:57 PM
Tá grúpa Whatsapp. na dtuistí ag dul ar mire fá láthair. Ní thuigeann aon duine cad atá le déanamh 😭
Níl é in bán ná lón...sin a bhí I gceist roimhe seo creidim 😅
November 26, 2025 at 7:51 PM
Agus mé ag póirseáil focla a thoisíonn le h...

Tá haghdáir mar intriacht ag an Duinníneach. Ó hi there an EN b'fhéidir. Tá haghdar sna Déise le capall a thionáint

Ach má tá tú chun é a rá, mholfainn an leagan leis 'r' caol agus an á 😎
November 26, 2025 at 5:50 PM
Tá Dónall RnaG an-cheanúil ar 'as pabhar', rud a shamhlaigh mé leis na Conallaigh. Ach chonaic mé go mbíonn/mbíodh sé sna Déise agus cupla ciall leis

Thar barr
Faigheann siad [seandaoine] ceart as pabhar ann

Dona
Fuair sí haidhleo [titim] as pabhar ....

... Pabhar an lae = solas an lae in FGB 😎
November 26, 2025 at 4:11 PM
Scéal faoi fhoghlaim an Bhéarla ar an Saol ó Dheas ansin 😁

Bhí seanbhean ann gan aon EN aici. Mhúin fear é di:

Abair 'narrative' is tú ag trácht ar 'tale'; 'extinguish' in áit 'put out'.

Léim an cat ar an tábla:
"Catch the cat by the narrative in ainm an diabhail and extinguish him out the door!"
November 26, 2025 at 1:00 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Airstrikes don’t “test” a ceasefire. They break a ceasefire. Language isn’t that hard, media. Neither is professionalism and bravery.
November 22, 2025 at 7:42 PM
Sámh Dá Éan
November 22, 2025 at 3:23 PM
Seán Ó Donnabháin ag tuairimiú faoin ainm Loch na Séad

🤝

Mise ag léamh na leabharthaí Béarla sin faoin Ghaeilge

www.logainm.ie/ga/1165008
November 22, 2025 at 10:43 AM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
GRMA as seo a Áine, tá n ceart agad go bhfuil neart taighde e dhíth nó is iomaí barúil a tchím ó mhuintir Bhaile Átha Cliath fá mheon na sé gcondae agus go háirid meon na bprotastúnach (mo mhuintir féin) ar an cheist gí nár chaith siad lá i mBéal Feirste! Caithfear an chosmhuintir a chur i lár báire
November 21, 2025 at 9:37 PM
"An mbeidh gloine fíona agat?"
Mise: "Chan go fóill."

*Amhrán na Scadán ar an TV*

Mise: "Tabhair domh an buidéal."
November 21, 2025 at 8:46 PM
"Déarfá liom é, nach ndéarfá? An bhfuil mé rómhór don chraobh seo?"
November 21, 2025 at 2:19 PM
Meabhrúchán:

Is fearr Gaeilge spraíúil ná Béarla ríúil
"Phréachfadh sé na Danes."
"Phréachfadh. Chonálfadh sé na corra."
"Chonálfadh. Reoidhfeadh sé an cac sa phréachán."
"..."
November 21, 2025 at 10:57 AM
"Tá an Ghaeilge cool anois."

An Ghaeilge: "Tháinig mise amach na blianta ó shin a ghrá"

(Chuala mé an t-amhrán le Diana Ross nuair a léigh mé an píosa thíos i dtoiseach 😄)

focloiruichadhain.ria.ie/1/tar-amach/
November 20, 2025 at 12:03 PM
Toibreacha Chú Mhaighe - Áit spéisiúil, thugadh seanmháthair mo mhná í ann is í óg. Seans gurb é sin an chúis a chuireann sé suas le mo chaitheamh aimsire! nóta suimiúil ar @placenamesni.bsky.social Ballyquintin atá ar an bf, samhlaíodh Cú Mhaighe le Quintin...ach tá sé níos casta ná sin is cosúil!
November 19, 2025 at 9:06 PM
Tá mé conáilte a mhac!

www.teanglann.ie/ga/fgb/con%c...
November 19, 2025 at 1:45 PM
Beidh iomaíocht ghéar idir Dunnes agus Lidl i mbliana @duinedeas.bsky.social
November 17, 2025 at 8:14 PM
Reposted by Conchúr Mag Eacháin
Lascaine 50% ar gach leabhar dóibh siúd atá cláraithe le Nuachtlitir Leabhar Breac roimh 17 Nollaig. Cláraigh linn inniu! leabharbreac.com/shop/leabhai...
Ceas an Chait
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chai...
leabharbreac.com
November 17, 2025 at 10:51 AM
Mallachtaí na Gaeilge: "Go n-ithe an cat thú, is go n-ithe an diabhal an cat!"

Bagairtí na Gaeilge: "Cute. ...."

focloiruichadhain.ria.ie/0/fead%C3%A1n/
November 15, 2025 at 11:56 AM