Conchúr Mag Eacháin
@mageachain.bsky.social
780 followers 400 following 1.4K posts
Taighdeoir Gaeilge, Eagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, RIA. Canúintí, focail, béaloideas, toibreacha, CLG. Mo thuairimí féin. Ard Mhacha/BÁC
Posts Media Videos Starter Packs
Pinned
mageachain.bsky.social
Níl a fhios agam fán witchcraft ach is cinnte gur charmers muid gan amhras.
mageachain.bsky.social
Níl mé chun ligint orm go dtuigim lucht na mbádaí ná muintir Bhinn Éadair....is ar éigean atá carr fóinteach agam 😅
mageachain.bsky.social
Roiseadh na dtonn? Más ea, is maith liom é!
mageachain.bsky.social
Beidh siad tinn ina dhiaidh sin 😳🫣
mageachain.bsky.social
Tabhair cúpla punt leat má thugann tú Ard Mhacha ort féin. Ní bhíonn siad ag méiseáil thart 😅
Físeán ó mo cheantar féin
youtu.be/Qe5jGaNfYKE?...
Road Bowls Armagh
YouTube video by bramleyvideo200
youtu.be
mageachain.bsky.social
Níl a fhios agam an bhfuil athbheochan ar siúl in áiteacha eile. Bhí níon deirféar liom ag comórtas cúpla bliain i ndiaidh a chéile in aice leis an Chaisleán Nua, BÁC. Bhí foirne ann as contaetha eile, Maigh Eo mar shampla.
mageachain.bsky.social
"In the village of Shallon near Drogheda there is a well which is called St Colm Cille's well.
This well it is said was blessed by him when he was passing it on his way to visit a friend....
It is believed never to have run dry even in the hottest seasons."
Mmm 🙄
mageachain.bsky.social
Bíonn siad fós ag caitheamh bullets sa bhaile. Chaithinn féin iad is mé óg. Gabh go hArd Mhacha ar an Domhnach agus tiocfaidh tú orthu ar na bóithre ar imeall an bhaile
mageachain.bsky.social
Agus na pics á dtógáil agam, d'amharc mé síos is bhí na páistí tar éis dreapadh isteach sa tobar. Má tá aon chur amach agam ar Cholm Cille, tá mé cinnte go bhfuil
mallachtaí CC tarraingte orainn féin. Lethal 😑
mageachain.bsky.social
Tobar Cholm Cille, Baile na gCailleach, An Mhí
An chéad tobar le tamall is bhí sé tirim 🫣 Is cuma, bhuail mé leis an leaid bhreá sin. Ceaptar nach Colm atá ann is go mbaineann sé leis an 14ú haois. Seans maith gur dealbh a bhí ag clochar ann tráth (cailleach, 'nun'). Duine de na 3 Ríthe b'fhéidir...
mageachain.bsky.social
Smaoitím ar E.C. Quiggin i dtús na haoise seo caite. Chuir 'maram' mearbhall air...ach thuig sé bunús 'breast' is cosúil, bail ó Dhia air
mageachain.bsky.social
Ó, b'fhéidir é. An-chlár a bhí ann
mageachain.bsky.social
An ginideach ceart fosta ✊😁
mageachain.bsky.social
Idir 'maram' agus 'breast' is maith iad na Conallaigh!
mageachain.bsky.social
Tá mé ag déanamh gur focal eile é an breast sin. Leagan de 'Beir as' an míniú a thugtar air go minic. Beir as tú/Breast thú...🤔
mageachain.bsky.social
Seans gur bailte a bhíonns fliuch atá i gceist cgl 🤔😀
mageachain.bsky.social
Bheinn in amhras fán leagan sin as RnaF... 'ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis' atá sa nath sin go hiondúil
mageachain.bsky.social
Tá an chuma air gur '(An) Casadh Cam' atá i gceist b'fhéidir 🤔 Tá sé sin luaite mar ainm ar abhainn nó ar lúb san abhainn i gceantar Dhoire an Daimh Dheirg i mBnaS

www.duchas.ie/en/cbes/5215...
www.logainm.ie/en/35938