Liam Ó
liamosar.bsky.social
Liam Ó
@liamosar.bsky.social
Foghlaimeoir Gaeilge. Is as Naarm (Melbourne) an Astráil mé. Sé/é.
Ní neart go cur le chéile
Cuntas eile i mBéarla: @liamosaur.ragequ.it
Ní fhaca mé uimhir corcra den teocht san aip aimsire roimhe seo. 45C. Dia sábhail ☀️🥵🔥
January 26, 2026 at 7:26 PM
Is Lá na hAstráile é inniu. 26 Eanáir 1788, an lá a thosaigh ionradh na tíre seo. D'fhógair na Briotanaigh gur 'terra nullius' í - tír gan daonra. Tá daoine ann le mílte bliain. Bhí an t-ionradh mídhleathach ag an am sin, agus gan Conradh, bíonn an fhorghabháil mhídhleathach anois
January 25, 2026 at 10:23 PM
Chuala mé frása nua inniu - "tá idirlíon-aithne agam air"
January 25, 2026 at 7:16 AM
Reposted by Liam Ó
Ó fan tá cuma suimiúil air seo
Aip nua Gaeilge cosúil le spéirghorm le fáil ag cogar.ie ⁊ d'fhéadfá rochtain a fháil trí clár bhéite Lá3 #100daysofGaeilge
Cogar - Bígí páirteach i dtodhchaí na Gaeilge.
Ardán sóisialta nua do phobal na Gaeilge
cogar.ie
January 17, 2026 at 11:27 AM
D'fhreastal mé ar tionól inniu le Louis de Paor ó NUS Gaillimh ⁊ Brian Ó Conchubhair ón Ollscoil Notre Dame. Bhí an lá iontach spéisiúil. An deireadh seachtaine fada seo chugainn, rachaidh mé go Canberra don Scoil Samhradh. Tá an Ghaeilge ar ais arís liom i 2026
January 17, 2026 at 8:58 AM
Carraig Madra, Albany, Iarthar na hAstráile
December 26, 2025 at 10:06 AM
Nollag Sona ón iarthar na hAstráile! Thosaíomar an lá le Parkrun, ansin snámh muid san fharraige 🌞😎
December 25, 2025 at 3:22 AM
Reposted by Liam Ó
Tá giorrúchán níos sine agus níos fearr ná sin againn, mar atá “.i.” . codecs.vanhamel.nl/Show:Tionsca...
November 18, 2025 at 10:58 PM
D'fhoghlaim mé inniu: #TheIrishFor i.e. is... i.e.
November 18, 2025 at 9:31 PM
Ag cleachtadh seanchló
November 4, 2025 at 5:13 AM
"D'fhanadar mar a rabhadar go dtáinig solas na gréine"
Abairt bhinn
June 28, 2025 at 11:12 AM
Ar an mhórthír arís tar éis seachtain in Inis Meáin. Is aisteach a bheith ag caint i mBéarla arís. Bhí craic agus comrádaíocht againn. Is deacair a fhill go saol normálta, ach beidh na cuimhnithe againn go deo
June 27, 2025 at 6:49 PM
Cúrsa Gaeilge ar Inis Meáin lá a dó. Ranganna ar maidin, snámh tar éis lón, ansin siúl treoraithe go Dún Chonchúir and Cathaoir Synge. Lá ar fheabhas
June 24, 2025 at 9:49 PM
Tine chnámh, Oíche Fhéile San Seáin, Inis Meáin.
Dóitear an tine láimh le Dún Chonchúir ársa
June 23, 2025 at 10:46 PM
Cúrsa Gaeilge ar Inis Meáin lá a haon. Bhí dearmad déanta agam cé chomh deas is atá sé a bheith le grúpa foghlaimeoirí Ghaeilge ag an leibhéal céanna. Chuile dhuine ag labhairt go mall, ach chuile dhuine a bheith foighneach lena chéile.
June 23, 2025 at 3:49 PM
Bhí mé i Leitir Mór seachtain ó shin. Tá cnoc amháin ar an oileán. Cheap mé agus bhí mé ag amharc ar an gcnoc: "Sin é. Is é sin barr an aird a sheas Peigín air agus chomhar sí a cuid bullán" 🐂
June 22, 2025 at 6:16 PM
Ag freastal ar mo chéad chluiche peile. Hup Ciarraí!
June 21, 2025 at 3:19 PM
Chuamar go Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo inniu agus thug mé cuairt ar West Coast Rare books. Mar rud éigin speisialta dom féin, fuair mé an leabhar "Prós na Fiannaiḋeaċta" le Micheál Breathnach. Tá sé beagán deacair a léamh leis an seanchló agus seanlitriú ach táim ag éirí réasúnta maith leis
June 18, 2025 at 8:15 PM
Nuair a bhíomar ag taistil ó Loch Garman go dtí an Chorca Dhuibhne, d'éisteamar leis an bpodchraoladh Fireside. D'inis sé scéal faoi Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna - Fionn Mac Cumhaill i gcoinne Rí an Domhain.  Mar a tharla, tá an scéal suite sa Chorca Dhuibhne, "Ventry Bay" ar leith.
June 16, 2025 at 2:42 PM
Rás curachaí. Trá an Dóilín, An Ceathrú Rua, Conamara
June 15, 2025 at 1:50 PM
Maidin bhog. Ceann Trá, Corca Dhuibhne.
Mar Astrálach, níl sé an aimsir shnámhfainn de ghnáth, ach snámh mé ar chor ar bith. Ní bhím i gCorca Dhuibhne gach lá
June 10, 2025 at 12:38 PM
Ár lóistín ar feadh cúpla lá, ag bun Chorca Dhuibhne. Thug an fear beáir an t-eolas tábhachtach dúinn nuair a thángamar: "dúnfar an beár ag a hocht, ach is féidir libh piontaí a thógáil chuig bhur seomra"
June 10, 2025 at 6:50 AM
Ag imirt fichille móire le m'iníon, Caisleán Fhearna, Co. Loch Garman.
Ní raibh aon duine eile ann, cé go raibh sé maidin Dé Sathairn. Bhí turas treoraithe an chaisleáin againn, saor in aisce
June 7, 2025 at 4:06 PM
Loch Garman. An bholscaireacht (propaganda) 🌞 vs an fhírinne 🌧️
Áit deas ar aon nós ❤️
June 7, 2025 at 12:32 PM
Gleann Dá Lough, Co. Cill Mhantáin
June 7, 2025 at 12:05 PM