Niamh <3
banner
niamhanbitseach.bsky.social
Niamh <3
@niamhanbitseach.bsky.social
Cailín randamach atá gafa le Miraculous
https://pronouns.cc/@Niamhsamhraidh
Ceist dháiríre ach canathaobh go bhfuil muintir na gaelainne ag úsáid twitter srl arís nuair atá ardán foirfe ann anso dúinne, abair táthar in ann feed 100% sa ghaelainn a bheith agat, an aip a bheith á húsáid agat sa teanga leis, agus tá gaeil eile ann anso fós leis, ach táir fós ag úsáid Twitter?
November 6, 2025 at 10:14 PM
Reposted by Niamh <3
Slán Mícheál D rinne sé jab maith den ról !!
October 25, 2025 at 2:54 PM
Reposted by Niamh <3
🏅 Tá Catherine CONNOLLY (IND) tofa mar Uachtarán na hÉireann.
🏅 Catherine CONNOLLY (IND) is duly elected President of Ireland.

#Toghchán2025 #Election2025 #RTÉ #Éire #Ireland
October 25, 2025 at 6:26 PM
Na gadaí a bhí sa Louvre:
October 20, 2025 at 10:17 PM
In ainm dé, is fuath liom quand jpense en dhá langues wey i fit yarn am, e dey toujours cur isteach orm 😔😔😔
October 20, 2025 at 6:08 PM
Mo hot take: ba cheart leis na Gaeltachtaí a bheith i gceannas ar a gcúrsaí fhéinig agus in ann toghcháin a dhéanamh don údarás seachas an rialtas a bheith ag ceapadh daoine dó, agus ag tabhairt neamhaird don Ghaeltacht ar fad leis.
October 19, 2025 at 5:59 PM
Reposted by Niamh <3
An Rás don Áras: Deir Heather Humphreys gurb í an t-iarrthóir ‘ionchuimsitheacht (inclusiveness)’ í ach tá ceisteanna faoin Ord Oráisteach agus faoin nGaeilge: Diúltaigh sí don Ghaeilge arís is arís eile mar aire i gceannas ar an nGaeltacht. extrag.ie/2025/09/25/n...
Diúltaigh Heather Humphreys don Ghaeilge arís is arís eile
Deir Heather Humphreys gurb é ‘ionchuimsitheacht (inclusiveness)’ téama a feachtais toghcháin Uachtaránachta.
extrag.ie
September 26, 2025 at 6:19 AM
Reposted by Niamh <3
it's a sad state of affairs when I can't tell anymore if seeing the Irish flag so prevalent in spaces means patriotism or racism
September 22, 2025 at 4:24 PM
Canathaobh ná fuil anime ar bith dubaithe nó fiú ar a laghad ar fáil le foithidil sa ghaelainn fós 😔
August 15, 2025 at 11:55 PM
bhuel is féidir liom a rá anois go bhfuilim gafa le gach rud a bhaineann le She-ra
July 19, 2025 at 1:28 PM
Reposted by Niamh <3
mise, ag staidéar an ghaelainn san ollscoil (2021-)
July 18, 2025 at 5:14 PM
Táim ag smaoineamh gu cheart dom bailiúchán filíochta a chruthú ag pointe éigin is roinnt dem dháin a chur anso leis
July 14, 2025 at 10:32 PM
an bhfuil éinne eile ag tabhairt an feabhas ollmhór a tháinig ar chláranna TG4 fé dheara? Mar a dhia tá an trailer do Báite go hiontacht! An cuma atá airrrrr
July 14, 2025 at 1:27 PM
Reposted by Niamh <3
Alt nua scríofa agam do @nosmag.bsky.social má tá fonn ort é a léamh.

New article for NÓS magazine about the burden of the anti-immigrant sentiment on us all.

nos.ie/saol/ualach-...
Ualach an mheoin frith-inimirce atá orainn - NÓS
Le bheith ionraic ní raibheas ag iarraidh alt mar seo a scríobh arís, ag tagairt don chiníochas, rud a chreidim féin nach dtiocfar deireadh leis riamh. Thóg mé briseadh ó bheith ag labhairt faoin sórt rud seo ar feadh tamaill.  Mar dhaoine, tá sé nádúrtha dúinn leithcheal a dhéanamh ar a chéile. Murach cine, cá […]
nos.ie
July 9, 2025 at 12:30 PM
Reposted by Niamh <3
Ar a laghad rinnedar iarracht leis an teanga a chur isteach an uair seo!
July 12, 2025 at 10:05 AM
Reposted by Niamh <3
Still absolutely disgusted by this.
The bonfire has been condemned as "racist and threatening."
July 12, 2025 at 10:00 AM
Reposted by Niamh <3
Táimid i lár toinne teasa faoi láthair agus tá 35°C á thuar don tseachtain seo romhainn.
June 29, 2025 at 10:49 AM
Canathaobh go bhfuilim chomh gafa leis seo le Kpop Demon Hunters níl suim agam sa Kpop fiú, bhuel, ní raibh ar a laghad ach gan amhras tá anois
June 28, 2025 at 11:21 PM
Reposted by Niamh <3
Is samhradh te na nGael é. 💃 ☘️ 🔥
#gaelige #hotgaelsummer

youtube.com/shorts/qEabx...
Hot Gael Summer inspioráid ó Disco Lines #leboom #gaeilge #irishmusic #rave #partymusic #shorts
YouTube video by Le Boom
youtube.com
June 10, 2025 at 3:39 PM
canathaobh go mbíonn sé dodhéanta ag an bpointe seo bonnsmideadh maith a aimsiú mar bean ghorm sa tír seo? ;-;

Ach ní hamháin sin ach, i gcomhair smideadh go ginéaralta ní bhíonn tada ann sa chuid is mó de siopaí in Éireann do dhaoine ghorma agus tá sé i ndáiríre ag cur isteach orm anois
June 5, 2025 at 11:41 PM
Reposted by Niamh <3
Amanathar
Baile an Chinnéidigh nó Baile Uí gCearnaigh?

Siúlóid staire le @craobhntmk.bsky.social agus na Cnocadóirí

19:00 Óstán Parkview
June 3, 2025 at 10:53 AM
ceist randamach ach an mbeadh suim ag éinne anso ar an dtaobh gaelainne de Bluesky i bfreastalaíthe discord sa theanga? Mar tá cinn agam go bhfuilim ag iarraidh a athbheochan
May 31, 2025 at 3:39 PM
Reposted by Niamh <3
Ngũgĩ wa Thiong'o ar shlí na fírinne.

Rîa ratha na rîa thŭa. Tŭrî aira!

I gcumha agus i lúcháir. Tá mórtas orainn.

Teachtaireacht a chlainne ag fógairt a bhás. Le blianta beaga anuas tá go leor leis léite agam agus foghlamtha uaidh.
May 28, 2025 at 7:02 PM
Reposted by Niamh <3
Hey, cis folk, just a little note but don't, really, don't do this:
On a night out, having a good time with my friends. A lady comes over and interrupts our conversation to say that I'm beautiful. That's nice but tbh I was a little sus from the delivery. Friends join other convos whatever, and she comes over and says it again. Like a lot of people I'm not...
May 25, 2025 at 8:21 AM