Neil Ó Laoghaire
banner
olaoghaire.bsky.social
Neil Ó Laoghaire
@olaoghaire.bsky.social
Cé mé fhéin, anyway
Reposted by Neil Ó Laoghaire
'"Ba iad baill Fhine Gael a threoraigh an cur i gcoinne [an rúin] le ‘His/Her Worship’ a bhaint den teideal agus a chuir rún chun cinn lena choinneáil..."'

Cén fáth? @finegael.bsky.social @simonharrisireland.bsky.social

tuairisc.ie/diultaithe-a...
Diúltaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ‘Méara na Gaillimhe’ a úsáid in áit ‘Mayor of Galway’
Dúirt Méara na Gaillimhe Mike Cubbard gur chuir baill Fhine Gael in aghaidh rún a chuir sé féin chun cinn teideal a oifige a athrú
tuairisc.ie
November 21, 2025 at 6:31 AM
Droch-scéal, ach is fíorbheagán ábhair a chuir RTÉJr Radio ar fáil i nGaeilge do ghasúir agus is mór an trua é sin.

Ní dóigh liom go mbeadh sé ró-dheacair uair a' chloig sa lá de chláracha Gaeilge a chur amach, nó níos mó na 2 shraith podchraoladh in iomlán ó 2010

www.thejournal.ie/rte-digital-...
RTÉ will permanently close four digital radio stations - including 2XM and Pulse - on 31 December
Other impacted stations are RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ 2XM, RTÉ Pulse and RTÉjr.
www.thejournal.ie
November 20, 2025 at 6:42 PM
Agus an aintiún nua mórtasach ag an gcoláiste ná:

"An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín, mo shéimhiú-sín. An bhfaca tú mo shéimhiú-sín, is é curtha ar gach focal."
November 19, 2025 at 8:55 AM
Áis nua iontach do na haistir fada sa gcarr...
open.spotify.com/show/5DA2wo0...
November 17, 2025 at 7:30 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
A chairde, tá nuacht iontach le roinnt againn!! 🎉⭐

Is féidir leat éisteacht le Scéal an Lae ar Spotify anois!! 🌈🙌

Scéalta do leanaí á léamh ag láithreoirí, aisteoirí agus scríbhneoirí mór le rá!! 📚🌈

Éist anois ar Spotify!! 🎧🎶
November 17, 2025 at 4:29 PM
Gaimh nó gaimhín a chloisim i gcanúintí timpeall anseo. Agus tá gaimhín ann inniu cinnte.
November 17, 2025 at 8:56 AM
"D'íosfadh sé tuí as srathair."

A chuala mé ráite faoi dhuine le goile/ocras mór orthu.
November 16, 2025 at 11:46 AM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
📢 FÓGRA POIST 📢

Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an bpost tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
October 23, 2025 at 3:09 PM
Go hannamh, ach uaireanta, cruthaíonn an séimhiú/urú beagáinín doiléiriú sa caint ceapaim.

Céard a dhéanann daoine nuair atá siad ag iarriadh soiléiriú a dhéanamh idir "sé bhilliún" agus "sé mhilliún", nó idir "seacht mbilliún" agus "seacht milliún" nó a leithéid?
Someone posted a letter to the IT here recently and the writer was suggesting making Irish more accessible by scrapping an t-urú agus an séimhiú. Now I’m not qualified to speak on the intricacies of this, but simply, where’s the flavour man? You don’t want to say “ar an mbus”?
Imigh sa foc
November 15, 2025 at 5:29 PM
Léarscáil agus sonraí spéisiúil anseo. Ach cén fáth nach bhfuil logainmneacha, sna Gaeltachtaí ar a laghad, sa teanga ceart?

Éire an t-aon stáit le logainmneacha (go hiomlán) i mBéarla

An locht ar Tailte Éireann nó An Phríomh-Oifig Staidrimh nó Eurostat féin meas sibh?
ec.europa.eu/eurostat/sta...
November 15, 2025 at 4:45 PM
Moladh spéisiúil, ach níl mé cinnte faoi.

An ndéarfaí an rud chéanna faoi Átha Cliath, gur chontae stairiúil é, agus é scartha ina 4 riarachán áitiúil ó 1994?

Nó faoi Tiobraid Árann, nuair a bhí sé scartha idir tuaisceart agus deisceart idir 1899 agus 2014?
B'fhearr 'contae stairiúil' a thabhairt air mar scoradh na contaetha go léir sa tuaisceart in 1973 - ach amháin i gcás na gcluichí Gaelacha ar ndóigh.
November 6, 2025 at 9:29 AM
Níl mé cinnte faoi seo...

Deir sé liom go gcaithfidh muid an saol a dhéanamh níos éasca do Bhéarlóirí nach bhfuil sásta foghlaim agus úsáid fuaimeanna a dhéanann litreacha, taobh amuigh de fonaic an Bhéarla.

www.youtube.com/watch?v=Gfzj...
University of Galway CSE StartsWithAName
YouTube video by Science and Engineering @University of Galway
www.youtube.com
October 17, 2025 at 12:43 PM
D'fhreastail mo chuid gasúr féin ar an gcampa samhraidh seo i mbliana, agus bhain siad an-sult agus muinín as.

Bhí Oisín agus na teagascóirí thar cionn, eolach agus taicúil, agus bhí na himeachtaí iontach spraíoúil.
September 1, 2025 at 4:13 PM
Tá na creachadóirí réidh don dinnéar anocht
August 29, 2025 at 9:26 PM
Tá a fhios agam go mbíonn staitisticí faoin nGaeilge ón daonáireamh pléite go rí-mhinic, ach níor thuig mé cé chomh dona is atá dearadh na gceisteanna faoin nGaeilge ar fhoirm an daonáirimh

Cibé faoin chéad cheist, is droch-dhearadh ceistneora (a glacadh ó 2006) faoi cé chomh minic a labhraítear í.
August 29, 2025 at 8:20 AM
Ón gcartlann an Galway Advertiser, D. Fómhair 1992, litir ó Thómas Ó Broin, ollamh agus bailitheoir béaloidis.

Argóint mhaith nach bhfuil bunús ceart nó bailíocht de "C(h)noc na Cathrach" in iarthar cathrach na Gaillimhe

An coincheap cumtha ag na forbróirí sna 1980í é "Cnoc na Cathrach" b'fhéidir?
August 28, 2025 at 11:19 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
August 28, 2025 at 3:37 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Bhí mé ann anocht. Áit an-deas agus obair mhór déanta. Deas cothrom agus tírdhreach álainn (i gcomhthéacs lom Chonamara)

ACH: ab iod cosán nuachóirithe?! Locháin uisce ann cheana féin, easpa comharthaíochta AGUS Seanadh Mhach(a?) litrithe mícheart ar na fógraí uilig.
August 27, 2025 at 8:35 PM
Hup Seana Mhach!

Osclófar raon rothaíochta/siúil nua gar go Casla le bheith oscailte go hoifigiúil inniu de réir nuacht ar RnaG...

B'fhéidir go mbeidh tuilleadh eolais faoi ar Tuairisc.ie ar ball @maitiuocoimin.bsky.social?

D'aimsigh mé an léarscáil seo ar líne
www.sportireland.ie/sites/defaul...
August 27, 2025 at 12:59 PM
Bhí roinnt turais fada sa gcarr againn i mbliana 's anuraidh agus muid ag dul ar saoire samhraidh timpeall na tíre

Tá sé an-deacair mórán cláracha radio, scéalta taifeadta nó cloisleabhair Gaeilge a fháil do pháistí a labhraíonn Gaeilge (ní foghlaimeoirí) 's atá réidh le rannta 's amhráin do leanaí
August 26, 2025 at 1:52 PM
Reposted by Neil Ó Laoghaire
Beidh CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael ar siúl ar an Satharn 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Tá bus saor in aisce ón nGaillimh.

Imeoidh an bus ag a 10:00 ón Ard-Eaglais, agus beidh sé ag filleadh tráthnóna c.17:00

Is féidir leat clárú don bhus tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis!
August 19, 2025 at 9:14 AM
Tá muid díreach tar éis seachtain iontach le @glornangael.bsky.social a chaitheamh i gCorca Dhuibhne i measc thart ar 30 teaghlach eile.

D'aon tuismitheoir ag tógáil clainne le Gaeilge mar phríomh-theanga (taobh amuigh nó laistigh den Ghaeltacht), mholfainn é!

www.glornangael.ie/170-duine-ag...
170 Duine ag Taisteal go Coláiste Íde do Shaoire Ghaeltachta Teaghlaigh Bliantúil - Glór na nGael
Beidh 36 teaghlach lánGhaeilge – 170 duine san iomlán – ag teacht le chéile i gColáiste Íde i mí Lúnasa seo chugainn le haghaidh seachtain lán le teaghlaigh lán Ghaeilge, cultúr agus spraoi mar chuid ...
www.glornangael.ie
August 18, 2025 at 7:26 PM
Sraith nua ar RnaG anseo. Bhí neart eolais, scéalta agus agallaimh spéisiúla sa gcéad clár faoi Fínis, b'fhiú éisteacht leis. Tá súil agam go mbeidh na cláracha uilig le fáil go fad-téarmach sa gcartlann ar líne, mar phodchraolta nó a leithéid.

www.rte.ie/gaeilge/2025...
Scéalta na n-Oileán ar 'leac an dorais': Oileánach ar RTÉ RnaG
Tá Conamara brataithe le hoileáin agus sa tsraith seo, 'Oileánach', tabharfaidh Treasa Bhreathnach cuairt ar roinnt de na hoileán a mbíodh cónaí orthu tráth ach a bhfuil tréigthe anois.
www.rte.ie
August 18, 2025 at 7:06 PM
Maidin ar bharr An Blascaod Mór. Oíche dhraíochtúil caite againn ar an oileán.
August 18, 2025 at 6:55 PM