Vincent Morley
@vmstarai.bsky.social
170 followers 17 following 410 posts
B.A. (UCD, 1989), M.Phil. (UCD, 1992), Ph.D. (Liverpool, 1999). Tá suíomh pearsanta agam ag: www.vmorley.org
Posts Media Videos Starter Packs
vmstarai.bsky.social
Maidir leis na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, nuair adeir polaiteoir gur chóir dúinn 'díospóireacht' a bheith againn faoi pholasaí áirithe, is comhartha cinnte é nach bhfuil sé/sí sásta leis an bpolasaí reatha. 2/2
vmstarai.bsky.social
Níl aon airm le tabhairt ag Éirinn don Úcráin. Ach tá tíortha eile san Eoraip (tíortha a bhí neodrach go dtí le déanaí amhail an tSualainn agus an Fhionlainn san áireamh) ag ath-armáil agus ag soláthar arm don Úcráin. Chuir Connolly é sin i comórtas le ath-armáil na Gearmáine sna 1930idí ... 1/2
vmstarai.bsky.social
Tá 'septante' agus 'huitante' acu sa Bheilg - agus san Eilvéis leis, sílim.
vmstarai.bsky.social
It looks like plagiarism may have existed before the internet ...
vmstarai.bsky.social
Caithfidh gurb ea - cé gurbh é an sioráf an chéad ainmhí a rith liom nuair a léas an téacs.
vmstarai.bsky.social
Ní amháin go bhfuil sí i gcoinne airm a chur ar fáil don Úcráin, ach tá sí ag tarraingt amhrais ar na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise freisin. Beidh Putin breá sásta leis an seasamh sin: is cuma leis faoin gcáineadh - is siad na hairm agus na smachtbhannaí a dhéanann an dochar dó. 2/2
vmstarai.bsky.social
Cén fáth ar luaigh sí Iosrael agus í ag freagairt ceiste faoin Úcráin? 'Whataboutery' is ea é: 'ná féach air seo - ach féach air sin!' Agus deirim é sin mar dhuine a bhfuil an ghráin aige ar idé-eolaíocht chiníoch an tSíonachais. Ba bhreá liom é dá mbeadh baghcat iomlán ag an AE ar Iosrael. 1/2
vmstarai.bsky.social
Tá an dearcadh céanna ag Connolly is a bhí ag Wallace agus Daly. Seo mar a d'fhreagair sí ceist a cuireadh uirthi ar RnaG faoin gcogadh san Úcráin. Tig liom comhad fuaime a chur chugat má shíleann tú go bhfuil míchruinneas ar bith sa tras-scríbhinn.
Reposted by Vincent Morley
darachoscolai.bsky.social
Idirdhealú spéisiúil idir gialla agus príosúnaigh! Géilleadh do mheoin an bhodaigh?
Reposted by Vincent Morley
jdmccafferty.bsky.social
The legend of the baker of Eekloo, Cornelis Van Dalem.

Cosmetic surgery 16thC style.

When unhappy with their looks people would go to Eekloo bakery. There they'd be beheaded & have cabbages to stop bleeding. The improved heads would then be baked in the oven.

(Rijksmuseum)
vmstarai.bsky.social
An capall a dhear an coiste:
vmstarai.bsky.social
Is pobal inimirceach iad Rúisigh na hEastóine. D'fhéadfaí iad a chur i gcomórtas le Turcaigh sa Ghearmáin, ach amháin go raibh an Ghearmáin saor nuair a tháinig na Turcaigh. Más mian le Rúisigh na hEastóine comhchearta a bheith acu leis an bpobal dúchasach, foghlaimídís teanga na tíre! 3/3
vmstarai.bsky.social
Formhór na Rúiseach atá san Eastóin, lonnaigh siad féin nó a sinsir sa tír nuair a bhí sí faoi fhorghabháil an Aontais Shóivéidigh: d'ardaigh líon na Rúiseach go dtí 30% den daonra sa tréimhse sin. Tá coilíniú na gcríoch gafa i gcoinne an dlí idirnáisiúnta (airt. 49 de Choinbhinsiún na Ginéive). 2/3
vmstarai.bsky.social
Ba Rúisigh iad 8% de dhaonra na hEastóine roimh 1940. Aistríodh na ceantair ar an teorainn ina raibh Rúisigh sa mhóramh ón Eastóin go dtí an Rúis nuair a ghabh an tAontas Sóivéideach an tír agus baineann na ceantair sin leis an Rúis i gcónaí. Bhí líon na Rúiseach cuid mhaith faoi bhun 8% ansin. 1/3
vmstarai.bsky.social
Sílim go bhfuil cúis amhrais i bhfad níos déanaí ná sin acu ...
vmstarai.bsky.social
The latest edition arrived this morning. There's plenty to read over the coming months, but I'll start with the article on Éadbhard de Nógla's political verse.
vmstarai.bsky.social
Agus is aisteach liom go bhfuil 'An Litir' istigh ag uimhir 3 cé gur fágadh an dá leabhar eile sa tsraith ar lár. Ar chaith na léirmheastóirí leis an tríológ mar shaothar amháin? Ní fheadar, ach bhraitheas gur bhain an tsraith an ard-chaighdeán céanna amach ó thús go deireadh. 3/3
vmstarai.bsky.social
Is cúis iontais dom nach bhfuil 'Scéal Ghearóid Iarla' le Máire Mhac an tSaoi istigh. An amhlaidh nach raibh sé fada go leor chun na léirmheastóirí a shásamh? Ní fheadar, ach sílim gur seoid bheag de leabhar é agus bheadh sé go hard ar mo liosta pearsanta - ag uimhir 4 nó 5. 2/3
vmstarai.bsky.social
Tháinig mé suas leis an eagrán reatha de 'Comhar' faoi leabhair Ghaeilge an 21ú céad. Thaitin an léirmheas a scríobh @darachoscolai.bsky.social ar 'Ó Chéitinn go Raiftearaí' liom. Níl san íomhá thíos ach an chéad leath agus beidh oraibh an iris a cheannach chun an dara leath a léamh! 1/3
vmstarai.bsky.social
Bhí jóc sa bhunleagan: 'Seoirse Brian Seoighe' mar Ghaelú seafóideach ar 'George Bernard Shaw'. Ach má tá jóc sa leagan nua ní léir domsa é. Ar ndóigh, má bhíonn imeartas focal idir teangacha A agus B sa bhunleagan, cruthóidh sé deacrachtaí don aistritheoir atá ag scríobh i dteanga C.
vmstarai.bsky.social
'George Brian Joyce'? Pienso que no!
vmstarai.bsky.social
Tá lucht tacaíochta na Palaistíne ag cruinniú ...
vmstarai.bsky.social
Sure god be with poor old Louis Althusser and his 'autonomy of the superstructure'. It was all the go in my day.
vmstarai.bsky.social
Anseo, agus ar ardán Elon freisin.