#afcnag25
Ba mhór an phribhléid dom léacht phoiblí a thabhairt mar chuid d'Ard Fheis @cnagaeilge.bsky.social ar stair na bhfeachtas teilifíse Gaeilge sna 1970idí
@fsg-dcu.bsky.social @uniofgalwayasc.bsky.social
#NSRP #afcnag25 #conorcruiseobrien #RTÉ
@historyatgalway.bsky.social @rtebrainstorm.bsky.social
February 24, 2025 at 11:51 AM
Ghlac sé ballraíocht i CnaG nuair a bhí sé 18 agus tá sé "ag plé le graithi na Gaeilge ó shin" a deir sé.

Is sna daoine óga atá ag #afcnag25 #afcnag atá "an todhchaí".
February 22, 2025 at 11:05 PM
Gradam an Uachtaráin bronnta ar Éamon Ó Cuív ag #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:05 PM
Ní thig a bheith ag braith ar pholaiteoirí, caithfidh an gníomh teacht ón mbun aníos, a deir sé. #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:02 PM
Óráid ag oibrí deonach na bliana Dónall Ó Cnáimhsí (atá ag labhairt i bhfad rósciobtha le tráchtaireacht bheo a dhéanamh air) #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:02 PM
Torthaí Thoghchán an Choiste Gnó:

John Prendergast
Mairéad Ní Fhátharta
Liam Ó hÓgáin
Róisín Nic Liam
Pádraig Fhia Ó Mathúna
Pádraig Ó Foghlú
Pádraig Mac Brádaigh
Áine Ní Dhonnaile
Erin Mac an tSaoir
Conchúr O Fearáin
Julieanne Ní Mhaolaidh
Rónán Mistéil

#afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:01 PM
"Tá obair ollmhór le déanamh againn idir Ard-Fheis 25 agus Ard-Fheis 26 i mBéal Feirste" #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:00 PM
Buíochas gafa aige lena réamhtheachta Íte Ní Chionnaith a bhrúigh bille cearta teanga do na Sé Chontae chun cinn agus í ina huachtarán sna 80idí. #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:00 PM
Moladh aige do Julian de Spáinn agus do dhaoine eile i CnaG a bhi sásta teacht aneas agus seasamh le pobal Gaeilge BF nuair nach raibh ach "cúpla dosaen" duine ar an tsráid ag agóidí Gaeilge. #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 11:00 PM
Bhí Ciarán ar scoil i gColáiste Feirste nuair a toghadh duine de bhunaitheoirí na scoile, Gearóid Ó Cairealláin, ina uachtarán ar CnaG 30 bliain ó shin. Ómós tugtha aige do Ghearóid, Pádraig Ó Snodaigh agus Albert Fry ina óráid. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 10:14 PM
A chéad óráid mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge á tabhairt uaidh ag Ciarán Mac Giolla Bhéin ag #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 9:58 PM
Méara Loch Garman Cáit Bhreathnach ag labhairt i nGaeilge (nach bhfuil aici a deir sí!) ag Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2025.

Geallúint tugtha aici níos mó Gaeilge a labhairt anois agus í spreagtha ag óige ná Gaeilge atá feicthe aici ag #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 3:04 PM
Deireadh leis an bplé ar na rúin anois.

Cuirfear na rúin nár pléadh ag #afcnag25 #afcnag (rúin 39-42) ar aghaidh chuig an gCoiste Gnó.
February 22, 2025 at 12:21 PM
Moladh mór ag John Prendergast d'Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide Pádraig Mac Brádaigh as an obair atá déanta aige ó ceapadh é agus as an obair a rinneadh sé sular ceapadh é le cinntiú go mbeadh an ról ann. #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 12:21 PM
Bualadh bos don chéad rún eile sula gcaitear vóta fiú.

"Ba cheart go mbeadh sé riachtanach Oifigeach Gaeilge Mac Léinn Lán-Aimseartha a bheidh i ngach ollscoil in Éirinn".

#afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:21 PM
Plé anois ar rún 37 faoi bhunú ról nua i CnaG - Oifigeach Tiomsaithe Airgid. Deir Rónán Misteál gur rún fadtéarmach a bheadh ann. Deir Julian de Spáinn go b'fhéidir gurbh fhearr an cheist a fhágáil faoin gCoiste Gnó. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:12 PM
Glacadh le rún go n-éileofaí ar an bhfeidhmeannas ó thuaidh teangacha comhaimseartha a dhéanamh "mar chroí-ábhar sa siollabas arís sa dara leibhéal ó thuaidh". #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:08 PM
Glacadh le rún ina moltar Cúla4 agus ina n-éilítear go mbeadh tuilleadh ábhar i nGaeilge ar na stáisiúin eile thuaidh agus theas. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:05 PM
Ní ghlacann Craobh Frankfurt leis an leasú.

Níor glacadh leis an rún (an chéad rún nár glacadh leis ag #afcnag #afcnag25) (monabhar cainte sa seomra anois...)
February 22, 2025 at 12:03 PM
Ball eile (ní bhfuair mé a ainm) ag rá go mbaineann sé féin úsáid as X le fáil amach céard atá ag tarlú i gConradh na Gaeilge. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:03 PM
Níl a fhios ag Pádraig Ó Tiarnaigh cá seasann sé ar an gceist seo. Tuigeann sé spiorad an rúin ach is féidir X a úsáid le baghcait a chur chun cinn agus cur i gcoinne na heite fíordheise. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:03 PM
Deir Niall Comer go gcaithfear a chuimhneamh go raibh vóta ann faoi thábhacht baghcait ar ball (glacadh leis) agus anois go bhfuil plé ann faoi gan baghcat a chur i bhfeidhm agus go "dtabharfar aird" air sin. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 12:03 PM
"Denis O'Brien agus Rupert Murdoch inné, Musk agus Zuckerburg inniu - céard é an chéad rud eile a bheidh orainn a fhágáil?" a fhiafraíonn Erin Mac an tSaoir #afcnag25 #afcnag
February 22, 2025 at 12:03 PM
Imní ar Aodhán Ó Deá go mb'fhéidir go dtógfaí ainm an Chonartha dá bhfágfadh an Conradh an suíomh. Molann sé teachtaireacht a chur amach nach bhfuil an cuntas in úsáid níos mó ach an chartlann ábhar a fhágáil ann.

#afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 11:55 AM
Deir an t-uachtarán Ciarán Mac Giolla Bhéin go dtacaíonn sé le spiorad an rúin freisin ach luann sé na pointí céanna, nach mór, le Prendergast. #afcnag #afcnag25
February 22, 2025 at 11:55 AM