Donncha ar Imeall an Domhain
banner
kingdonncha1.bsky.social
Donncha ar Imeall an Domhain
@kingdonncha1.bsky.social
Alces monnes lif bið sumes monnes lar.
Is ceacht do dhuine éigin saol gach duine.

sa tuiseal gairmeach: a Dhonncha, a Dennis, do Mhórgacht
😂https://www.youtube.com/shorts/rr0Bd0vbczM?app=desktop
November 27, 2025 at 8:52 PM
Éire atá “bunoscionn“ sa léarscáil Iodálach seo ó ca. 1560. Donato Bertelli (?) a tharraing.
November 27, 2025 at 8:34 PM
B’amaideach riamh an focal sin “woke”, ar ndóigh. Tá jokiness ag baint leis, agus an iomarca performativeness nár thaitin liom riamh.
November 27, 2025 at 8:27 PM
Smaoineamh atá i bhfad ró-woke do Mheiriceánaigh anois díreach: ba cheart Lá na nInimearcach a thabhairt ar Lá an Altaithe, ós inimearcaigh a chuir tús leis an traidisiún, más fíor. @macgiobuin.bsky.social @blairjedwards.bsky.social
November 27, 2025 at 6:55 PM
Tabula Rogeriana, a dhear al-Idrisi sa bhliain 1154 do Roger II na Sicile, leis an deisceart in uachtar
November 27, 2025 at 6:15 PM
No, this is not what it means. Not even close.
November 27, 2025 at 2:35 AM
Ní cuimhin liom plé mar sin.
November 26, 2025 at 8:52 PM
Bheadh ar an taighdeoir calma na -lach nach iarmhír iad (mogallach < mogall, mar shampla) a chur ar leataobh ar dtús.
November 26, 2025 at 8:00 PM
GRMA.
November 26, 2025 at 7:54 PM
Maidir le “bogach” agus “boglach”, tá an iarmhír -ach beagnach chomh líonmhar le gaineamh na trá. Tá a lán lán -lach ann freisin, mar shampla: bréanlach, reothalach, muclach, fuarlach. An féidir iad a idirdhealú ar bhonn séimeantach? @mageachain.bsky.social
November 26, 2025 at 7:32 PM
Meabhraigh dom, led thoil, ainm an tsuímh nua a bhfuil liostaí ann de na focail a thosaíonn nó a chríochnaíonn leis na litreacha céanna.
November 26, 2025 at 6:26 PM
An mbeifeá sásta grianghraf a thógáil de chúpla leathanach le éad a chur orainne nach bhfuil fáil againn ar an leabhar?
November 26, 2025 at 5:37 PM
Ní dóigh liom gur ”boglach” (aimsir fhliuch) a chiallaíonn “marisma” ach “terreno bajo y pantanoso que inundan las aguas del mar” .i. riasc goirt.
November 26, 2025 at 5:29 PM
Bhí. Dúirt Socrates scéilín le Phaedrus faoin dia Éigipteach, Thoth, a dúirt le Rí Thamus, an duine a chum an scríobh, “οὔκουν μνήμης ἀλλὰ ὑπομνήσεως φάρμακον ηὗρες.” Is é sin, “Ní cuimhne ach cur i gcuimhne a bhronnann do fhionnachtain ar dhaoine.”
November 26, 2025 at 4:40 AM
Chreid na hIndiaigh ar an taobh eile den domhan IE an rud céanna. Sheachaid siad an Rig Veda ó ghlúin go glúin agus ó bhéal go béal go cruinn beacht ar feadh i bhfad gan siolla de a chailleadh.
November 26, 2025 at 1:19 AM
Dúirt Julius Caesar gur fhoghlaim na draoithe sa Ghaill lear mór véarsaí de ghlanmheabhair. Shíl siad nach mbeadh sé ceart ná cóir iad a scríobh síos.

Magnum ibi numerum versuum ēdiscere dīcuntur. … Neque fās esse exīstimant ea litterīs mandāre.
November 26, 2025 at 1:07 AM
An bhfuil sibh ar aon intinn le Peter Schrijver?
November 25, 2025 at 6:55 PM
Ack. 🫩
November 25, 2025 at 6:52 PM
😵‍💫
November 25, 2025 at 6:45 PM
Nach bhfuil dhá saghas asking againn, nach bhfuil inmhalartaithe?
> Iarr air rud a dhéanamh.
> Fiafraigh de an bhfuil a fhios aige.
November 25, 2025 at 6:28 PM
An bhfuil sé seo ar an gcéad eagrán den Zeitschrift gan alt ar bith i nGearmáinis ann? @davidstifter.bsky.social
November 25, 2025 at 5:51 PM
“A prolific discharge of books and articles” 😆 Ná héirigh as é a rá, arís is arís, gan stop nó staonadh. Nach é sin staitéis na polaitíochta freisin?
November 25, 2025 at 5:45 PM
Ba cheart domsa níos mó ama a chaitheamh le Céitinn. Scéalta in “Popular Tales of the West Highlands” atá á léamh agam anois.
Bíonn dhá fhreagairt ar an gceist “An bhfuil tú go maith?“ ag seanfhear:
(1) Tá mé go maith!
(2) Bhuel … seo iad na piollaí atá mé a ghlacadh. Fuair mé MRI an lá cheana …
November 25, 2025 at 5:03 PM