tusaite.bsky.social
@tusaite.bsky.social
Pinned
Táimid iontach sásta Sraith Raidió na Bliana 2025 @oirnagaeilge.bsky.social a bhuacaint. Comhghairdeas ó chroí lenár gcomhghleacaithe @cuanbos.bsky.social a bhain amach Iriseoir na Bliana & Dónall Mac Ruairí Pearsa Raidió na Bliana.Comhghairdeas le chuile duine a bhain amach gradam aréir.
December 5, 2025 at 4:57 PM
Bhí Áine Ní Ghlinn ag plé na 10 leabhair is fearr dar léi a foilsíodh do pháistí i mbliana. Éist siar leis an méid a bhí le moladh aici anseo: 👇

www.rte.ie/radio/rnag/c...
December 4, 2025 at 1:28 PM
@tusaite.bsky.social @rte.ie @cuanbos.bsky.social Cuairt Volodymyr Zelenskyy ar Éireann ar Tús Áite inniu
December 2, 2025 at 4:52 PM
Cuireann An Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky.
December 2, 2025 at 2:19 PM
Tá an stiúideo lán anseo i nDomhnach Broc. Painéal an Luain le @olamajekodunmi.bsky.social; Eoin Ó Catháin agus Conall Ó Dufaigh. Tá Somhairle Mag Uidhir linn freisin sa stiúideo i @raidiofailte.bsky.social. Bí linn go dtí'n 6.
December 1, 2025 at 5:13 PM
@tusaite.bsky.social @rte.ie @raidiofailte.bsky.social @olamajekodunmi.bsky.social Inár dteannta inniu ar Painéal an Luan ar Tús Áite Raidió na Gaeltachta beidh Ola Majekodunmi, Eoin Ó Catháin, Conall Ó Dufaigh sa stiúideo i mBleá Cliath agus Somhairle Mag Uidhir as Béal Feirste.
December 1, 2025 at 3:50 PM
Ár dlúth chairde linn inniu ar Súil Siar na Seachtaine Alan Dukes agus Déaglán de Bréadúin. @tusaite.bsky.social @rte.ie
November 28, 2025 at 5:43 PM
Tá Anna Heussaff linn sa stiúideo anois chun a dea-scéala a roinnt linn. Bronnfar Céim Oinnigh uirthi in Ollscoil na Gaillimhe Déardaoin beag seo an 27ú Samhain. Tá sí ag labhairt linn freisin faoina úrscéal nua dar teideal 'Turas Róise' a foilseofar go luath sa bhliain úr.
November 25, 2025 at 5:26 PM
Tá an stiúideo i nDomhnach Broc lán inniu do Phainéal an Luain - @cathalmaccoille.bsky.social, Mary Hanafin & Emmet Ryan agus tá Tom O'Malley linn inár stiúideo i nGaillimh. Bí linn anois go dtí'n 6 a chlog ar @rternag.bsky.social
November 24, 2025 at 5:10 PM
Ar chaill tú amach ar clár na hAoine? Bhíomar ag craoladh beo ó Ostán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh le haghaidh Tionól Forbartha Gaeloideachas 2025 i bpáirt le COGG. Is féidir éisteacht siar leis an clár anseo: 👇

www.rte.ie/radio/rnag/c...
November 24, 2025 at 11:14 AM
Tá an dara painéal linn anois @RTERnaG - Clodagh Ní Mhaolchiaráin Uachtarán Gaeloideachas; Jacqueline Ní Fhearghusa Príomhfheidhmeannach COGG; Ciara Ní Shé, Múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne & Déaglán Ó Laoire, Príomhoide Gaelcholáiste na Mara
November 21, 2025 at 5:31 PM
Tá slua bailithe isteach chughainn anois sa Seomra Oak in Ostán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.Táimid ag craoladh beo go dtí’n 6 a chlog ar @rternag.bsky.social
November 21, 2025 at 5:19 PM
Is í Ciara Ní Shé, Múinteoir Gaeilge i Pobalscoil Chorca Dhuibhne duine dos na haíonna a bheas linn ar an bpainéal inniu agus muid ag craoladh beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. Éist linn beo nó ar líne 📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 21, 2025 at 9:00 AM
Bhí @fachtna.bsky.social i láthair ag reilig Bhóthar na Brúine i mBaile Átha Cliath inniu áit ar bhailigh daltaí agus roinnt d'fhoireann Phobalscoil Chill an Ardáin i dTamhlacht inniu chun comóradh a dhéanamh ar an bhfile Caitlín Maude atá curtha ansin.
November 20, 2025 at 5:23 PM
Bí linn anois go dtí'n 6 a chlog ar @rternag.bsky.social
November 20, 2025 at 5:10 PM
Beidh Isibéil Ní Cheallaigh linn inniu ar @rternag.bsky.social
agus scéalta suimiúla aici ó na nuachtáin áitiúil dúinn. Bí linn óna 5 a chlog. 📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 20, 2025 at 4:27 PM
Beimid ag labhairt le Aoife Ní Mháille, ar @RTERnaG beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh amárach do Thionól Forbartha
Gaeloideachas 2025 i bpáirt le COGG. Bí linn idir 5-6. 📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 20, 2025 at 3:21 PM
Dúirt an Teachta Dála Neamhspléach Barra Ó hÉanacháin go bhfuil an díomá air leis an moill le Bille na gCríocha Gafa a rith agus leis na leithscéalta agus an chaint seachtainteach atá á dhéanamh ag an rialtas faoi. Labhair sé linn ar an gclár inné faoi seo. 👇
www.rte.ie/radio/rnag/c...
November 20, 2025 at 2:54 PM
Is í Jacqueline Ní Fhearghusa Príomhfheidhmeannach COGG duine dos na haíonna a bheas linn ar an bpainéal amárach agus muid ag craoladh beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. Éist linn beo nó ar líne 📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 20, 2025 at 12:21 PM
Pléifidh Áine Ní Ghlinn Leabhar na Míosa ar @rternag.bsky.social ar Tús Áite go luath. Sé sin Sadhbh le @darachoscolai.bsky.social. Bígí ag éisteacht linn go dtí'n 6 ar an raidió nó ar líne. 👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 19, 2025 at 5:25 PM
Beimid ag labhairt le Cian Ó Fathaigh, ar @rternag.bsky.social
beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh Dé hAoine beag seo do Thionól Forbartha Gaeloideachas 2025 i bpáirt le COGG.
Beidh Cian i mbun ceardlanna i rith an lae freisin. Bí linn idir 5-6 📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 19, 2025 at 3:56 PM
Bí linn óna 5 a chlog ar @rternag.bsky.social. Beidh Sraith a 2, Eagrán a hAon do Scoil Cheoil an Earraigh clár teilifíse atá le feiscint ar @tg4.bsky.social agus Eagrán mhí na Samhna don
Iris Comhar, á phlé ag Norita Ní Chartúir ar Mhír na Meán. Bígí ag éisteacht linn📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 19, 2025 at 1:46 PM
Tá an feisire Eorpach Seán Kelly ceaptha mar rapporteur don Pholasaí Talmhaíochta Comónta ar Choiste Comhshaoil Parlaimint na hEorpa. Tá sé liom anois chun labhairt faoin ról nua seo. Bí linn go dtí'n 6 a chlog ar @rternag.bsky.social
November 18, 2025 at 5:16 PM
Is í Clodagh Ní Mhaolchiaráin Uachtarán Gaeloideachas
duine dos na haíonna a bheas linn ar an bpainéal Dé hAoine seo an 21ú Samhain agus muid ag craoladh beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.
Éist linn beo nó ar líne 📻📻👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 18, 2025 at 2:59 PM
Bí linn anois ar @rternag.bsky.social go dtí'n 6, beo ar raidió 📻📻 nó ar líne 👇
www.rte.ie/radio/rnag/t...
November 17, 2025 at 5:12 PM