Tomaí Rua
tomai.bsky.social
Tomaí Rua
@tomai.bsky.social
Scríbhneoir | Aistritheoir | Taiscéalaí | Bunaitheoir NÓS

https://linktr.ee/tomairua
Bhí an-chomhrá agam leis an Athair Brian Ó Fearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile.

Is féidir éisteacht leis an eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/218G...
November 27, 2025 at 9:22 PM
Seo gearrthóg ón chomhrá a bhí agam le @antainmac.bsky.social faoin chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh dúinn, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, & an dúshlán a bhaineann le téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge, le cois nithe eile...

Eagrán iomlán anseo: open.spotify.com/episode/20je...
November 13, 2025 at 10:02 AM
Míle buíochas ó chroí leat a Mhíchíl D, agus gach beannacht agus rath ort a Catherine C. Ábhar misnigh agus dóchais a bhí san óráid a thug ár nUachtarán nua inniu. Go n-éirí go geal léi, agus ar aghaidh linn ar son na síochána, an cheartais agus an chneasaithe.
November 11, 2025 at 2:49 PM
Dán beag a tháinig chugam an lá i ndiaidh an Oireachtais i mBéal Feirste.
November 11, 2025 at 9:57 AM
Níor phostáil mé anseo cheana óir ní mian liom a bheith ar líne barraíocht ach tuigtear domh gur anseo atá go leor de sheanfhondúirí na Gaeltachta digití, mar sin buailfidh mé isteach ó am go chéile!
November 11, 2025 at 9:10 AM