Gaeilge Bheo
banner
gaeilgebheo.bsky.social
Gaeilge Bheo
@gaeilgebheo.bsky.social
390 followers 390 following 120 posts
Mise Fergal, suim sa Ghaeilge agus an Dúlrá
Posts Media Videos Starter Packs
Rud nua dom, grma, níor chuala mé tagairt ar an leagan gorm sa chaint, Fuath Dubh a chuala mé ar an bplanda san íomhá agat. Tá seacht saghas is tríocha den magairlín meidhreach agus ní aithneoinn ach saghas amháin - 🤡 mé!
Ailleacht an bhaoil
Nach álainn ar fad iad, caoraí an Fhuatha Dhuibh?
Púicíní a thugadh muid orthu agus mé óg. Chreid muid go raibh cónaí ag na Sidhe iontu agus ní raibh cead againn iad a bhriseadh. Coille a thug muid ar rud fiáin nach ainmhí é - bláthanna coille in áit bláthanna fíana 7rl.
Púicíní Coille - is fada ó chuir mé rud anseo. Sásta le toradh inné agus is cuma an siarbhaisteach atá linn. Lá maith agaibh uile
GRMA
tháinig muid slán anseo an uair seo ach tá na fearainn ó dheas díom gan leictreas 😭
Spéirling Florian ar a bealach agus, sa saol atá againn inniu, tá na powerbancanna ullamh agam mar ní dócha go mbeidh cumhacht againn ar maidin.
Má tá dath donn air is minic go ndeireann daoine gur Leamhan é, ach, má tá an cumas aige a sciatháin a fhilleadh siar, is Féileachán é.
Agus dá ndearfá "leath chrann" liom bheinn ag ceapadh go raibh tú ag caint ar an tseanairgead.
Seo seamair ach Seirc an t-ainm ar an seamair leis na bláthanna corcracha air. Tagann shamrock as seamair-óg agus b'fhéidir gurbh é Seircín a thug ainm don Oileáin?
Seo Tarbh bocht
Ní mór dom an teilifís a mhúcadh mar ceapann an créatúirín go bhfuil chuile dhuine ag caint faoi
Más annamh is iontach - seo agaibh an Bhainne Bhó Bleachtach agus é ag fás ar an gcuid sin den bhóthair cár fhaigheann tú is mó féar, noiníní, seirc agus cluaráin de gnáth. Ní mhaireann chuile fréamh sa bhitimin
Agus cloigeann mór buí air, tá sé anseo ó mhaidin ag breathnú lán sainte air a íomhá féin sa bhfuinneog. Díreach mar a bhí i scéal Nairshisise. Agus é sg breathnú air féin, titeann Nairshisis san uisce agus fásann an bláth lena ainm air ag áit a bhás. Níl an t-éinín agam báite, fós!
Cé go bhfuil gean mór agus cáil na ghleoteachta orthu ní dócha go bhfuil éinín níos eachairdiúla nó mímhuintí ná an spideog - ní bhacann siad fiú lena chéile ach amháin san Earrach nuair atá fonn orthu ál a thógaint. Seachas sin is éanaráin (aonarán agus cleití air) iad
Is droch é an ghaoth nach séideann aon mhaitheas

I sleó Spéirling Eoin, tá neart ábhar tógála ullamh-chun-imeachta ag na préacháin
Is saghas ubhaghán iad cruaichíní an Ghúis Lochlannach (abies communis). Is baill choirp an chrainn iad, ní thiteann siad chun talamh agus lobhann siad ar an ngéag.

Tá gair focal bainincineach ar Gúis ach Giuthas an tseanlitriú air - na gúise/an ghiuthais? Cé cuma? Is deas iad
Pádraig Naofa ag tiomáint na neathaireacha amach as Éirinn
An gnáth Caisearbhán - Taraxacum sect -
Tá gean faoi leith agam ar Samhairchín
Gan aird ar an raic atá faoi bhun ar fud an domhan mór, seo rud atá déanta sa tSín agus ceannaithe agam díreach ón tSín
Is mó go dtugann daoine Caisearbhán ar chuile bláth buí ach, seo an Gallan Mór (Petasites vulgaris). Focal eile ar Craobh é Gallan gan fada air, is cloch é an Gallán
Uainín fann gan éitir 's gan é lite ag a mháthair

Níl chuile neach ag súil leis an gCásc
An 'gas searbh' a thugann an t-ainm Caisearbhán dúinn.
Ilchiníochas na gCaora
Botún beag - ... Inscine an Lachain ....
Is ionann an chine iad an Lacha Geal agus an Lacha Breac ach tá éagsúlacht ghnéis eathru, ach, tá an Lachain fireann ach deirim 'sí' ag tagairt dó