Ailbhe Haidheacabha
banner
carhaix.bsky.social
Ailbhe Haidheacabha
@carhaix.bsky.social
120 followers 240 following 190 posts
eolaí, éigeas, saoi, aithneoir, fáidheadóir, fiosaí, eolasach, eagnaí, fáidh, fódlach
Posts Media Videos Starter Packs
Pinned
💙Postáıl ṗıonnáılte fúms :
⚜️Aıstrıṫeoıreaċt mo ċeırd
💙Teangaí : Gaeılınn, français, 日本語, occitan ⁊ cúpla eıle...
⚜️Final Fantasy, NieR, Megaten, ChainsawMan, Fıannaíoċt, carn eıle ná fuıl call lena dtuaırısc anso
💙Tagṫa dtín SpéırĠorm chun ealaín a ḟeıscınt ⁊ ċun súıl a ċoınneáıl ar Ġaelaċas na nGael
bhí mé ag súil le freagra ósna Progressive Democrats, an gcuirfidís suas me mar iarrthóir molta an pháirtí, ach is cosúil go bhfuil fadhb éigint leis an meaisín facsála acu fé láthair. + Ar an drochuair, ní maith leis an madra taisteal sa ngluaisteán, agus beidh orm m'ainm a tharraingt siar dá bharr
cleas scannánaíochta a th'ann, an síneadh fada tuathalach le cur in iúl don lucht féachana go bhfuil rud tréis dul amú sa scéal !
scéal uafáis in dhá abairt (iarracht amaitéarach, bígí cineálta):
Bha mi ag obair air a' choimpiutair......
Nuair a chunnaic mi post-dealain eile
Réaltra S 25, infheistíocht náireach
teileafón nua, nyart frásaí nua le foghlaim uaidh seo... thá súil agam go mbeidh dea-mhothú orm, agus mé féachaint ar néalta scamallacha na spéire inniubh (spotify san áireamh)
cuid thábhachtach do chultúr stairiúil ár leithéide é uimhir 17
Leabharlann Liombais ag méadú (más féidir le dsb An Choir agus an Cúiteamh a aistriú ina iomláine, gheo tú cúpla scillinge as uaim féin (tairiscint mheallacach))
an leagan is abhantghardáilte ar thús cadhnaíochta, an lucht féachana ar bís agus iad ag stánadh síos ar na gutháin, luchtaithe le deora agus le hAidréanailín
iolra an fhocail "caiméilia"... caiméilias? iolchaimélia, caiméiliara? caiméiliaithe, caiméil,athacha? roinnt caiméilia, seans...?
Comhairliú oscailte, bíodh do ghlór féin san áireamh! ↓
TUAIRISC UM GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AITEACHA AERACHA ÁITIÚLA: Agus tús na tréimhse bródula so bainte amach againn, is cúis mórtais agus laochais dom é fhógairt don chomhluadar gur chríochnaigh mé Rann a hocht um oíche aréir. 150 uair a chloig a thóg sé orm teacht suas leis an scéal go dtí seo. #Bród 👊🏳️‍🌈🔥
bhí cúpla bliain agam leis na meaisíní bainc a raibh rogha 'Gaeilge' orthu ag Bank of Ireland (ainm shuimiúil), ní thuigfeadh páist' an lae inniubh..... bhí sí ann go dtí gur chuir siad an ghné Deposit iontu (níl aon fhocal ar Deposit agam sa ndea-theanga agus ní bheidh go deo anois)
Mijito, ma créature, an té a chónaíonn in aice na lúibíní (agus an an mac is lú méide ar son na comparáide)
dráma nua le scríobh agam, "an tÉireannach"
mise ag iarraidh rialacha na pairliminte a shárú: Tá an teachta dáile ag insint bréga aríst 😏😏😏
mise ag iarraidh nádúr brabúsach an AnglaStáit a chaomhnú ar na gaeil éigiallta: níor chuala mé riamh faoin teanga ghaelga seo 👊🇺🇸🇬🇧🔥
tuairisc.ie/bearla-amhai...

dúradh go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.

Bun agus barr an scéil. Ar mhaithe le brabús na gcomhlachtaí seachas folláine an phobail atá an rialtas abhus ag feidhmiú
Béarla amháin rogha an Rialtais agus rialacha nua le tabhairt isteach faoi lipéid earraí bia
Deir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go mbeidh deis ag comhlachtaí eolas dátheangach a chur ar lipéid a dtáirgí bia ‘ar bhonn deonach’
tuairisc.ie
an pápa Leon uair a fheiceann sé an Cailif Liopard
is mairnéalach ó nádúr tu, ní dhéanfaidh féar an jab. cuimhnigh go raibh cuspóir ag baint leis an Odaisé
Ainm : Lottie (Sloinne : Dog). Ní haon ionadh é ná dh'airigh tú trácht uirthi riamh, níl suim aici (tá duim aici) i Minecraft ná i Róblacs
deas dul chun cinn na teangan a fheiscint, nath nua-aimseartha le cur in ionad na h-artha págánta sin !!
duine atá coimfí compordach : táim idir dhá thine nollag
An Eala i gconndae na banríona, "The Swan Inn" athá acu. go bhfóire dia orthu
ní fheaca mé riamh é go dtí seo.. cé nár thaithnigh Meánachfar Meánfantaitseo liom mórán, ba mhaith liom triail a bhaint as an gcluiche seo. abair leothu go bhfuil tú tréis Ceannaitheoir amháin eile a threorú chúchu go dtabharfaidh siad suaitheantas an influençóra dhuit
bocht ⁊ mífhortúnach an scéal dosna daoine (agus bhí carn acu ann, a fholks) a dúirt ná tabharfaidís go deo suaitheantas Yoshida do mo leithéidse de ghael
dul amach chun caifí a ól fén aer leis an madra uasal le linn na deahaimsire le déanaí, go raibh maith ag an mBó riabhach as na laethanta san a thabhairt do mhí an Mhárta
ní miste liom na h-oráistí ach (cé a bhfaigheann oráistí ó mhór-roinn eile seachas ón Spáinn ? San Pierre ⁊ Miquelon agus Guáin na Fraince ?? Cúrasó ⁊ San Máirtín ? leag as !!) beidh le feiscint
www.rte.ie/news/nuacht/...