Laoighseach Ní Choistealbha
@laoighseach.bsky.social
92 followers 82 following 55 posts
Lagánach, Conallach, Ultach. Ar strae i gConamara. Filíocht, taighde, ealaín agus eile.
Posts Media Videos Starter Packs
laoighseach.bsky.social
Tá feidhmeanna tábhachtacha le IS ach ná baineadh sí míshlachtmhaire na cruthaitheacha uainn...
laoighseach.bsky.social
Creidim nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí ná cruthaitheacht ar son na cruthaitheachta, dánta amaideacha míshlachtmhara a scríobh ar imeall leathanaigh, pictiúirí beaga a tharraingt agus tú ag fanacht ar an bhus, port nó dhó a bhaint as an chairdín agus an citeal ag fiuchadh...
johnhyphen.bsky.social
the five-year-old just got her first ai-generated birthday invitation

look at this soulless garbage

compare it to the invitation she made for her own birthday

how are these joyful parts of life the things that people want to outsource to a machine, it makes me sick that this is where we're moving
ai generated illustration of a boy and girl Child's drawing of autumn leaves
laoighseach.bsky.social
In East Donegal (or in my house):
I brung that along with me.
I writ him a letter.
I driv into Galway.
I seen that last night.
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
aonghusoha.bsky.social
Ealaíon @laoighseach.bsky.social ag saibhriú taispeántas spéisiúil faoin gCadhnach i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe
Cófra, Bean ag amharc siar ar bhóthar fhada, Súile le mac imrisc i bhfoirm poll eochrach
laoighseach.bsky.social
Míle buíochas, a Aonghuis. Beidh orm cnuasach de mo chuid féin a dhearadh amach anseo, b'fhéidir!
laoighseach.bsky.social
Tá mé an-bhuíoch díot as do smaointe a roinnt, a Aonghuis. Go raibh míle maith agat as an léirmheas a scríobh. Agus súil agam go mbainfidh tú sult as scannán Kaguya!
laoighseach.bsky.social
Is breá liom féin Ghibli. Tá 'Kaguya' ar an cheann is fearr acu, dar liom, agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as!
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
aonghusoha.bsky.social
Dán deireadh Margadh na Feola @laoighseach.bsky.social

Tús
Ar mo lacht dom
ceanglaíonn an Bhé mé
le buarach seo na teanga

a choinníonn socair mé
agus é do mo bhleán,
le nach mbeidh mé ag rancás
i macnas Béarla.
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
aonghusoha.bsky.social
Is scéal iontais den scoth an dán fada 𝑪𝒂𝒊𝒍𝒊́𝒏 𝒏𝒂 𝑴𝒐́𝒏𝒂 𝒂𝒈𝒖𝒔 𝑴𝒂𝒄 𝒂𝒏 𝑰𝒂𝒔𝒄𝒂𝒊𝒓𝒆 @laoighseach.bsky.social

(cé mhéid catagóir de chuid Aarne Thomson ar éirigh leat cuir ann?)
laoighseach.bsky.social
Níl a fhios agam faoi chatagóir ATU.... Cuid acu ar a laghad... ach mholfainn do dhuine ar bith breathnú ar an scannán a spreag an dán, i. The tale of the Princess Kaguya. Bunaithe ar an seanscéal
laoighseach.bsky.social
Bhuel, is cinnte go mbeidh mé i mBÁC ar an 18ú Samhain d'IMRAM. Más maith le héinne cúpla dán a chloisteáil roimhe sin... b'fhéidir go dtiocfaimid ar áit agus cúpla suíochán!
laoighseach.bsky.social
Seans go mbeidh sé ag seastán an Siopa Leabhar ach níl mé cinnte faoi sin. Seans go mbeidh mé féin ann fós le beart leabhar faoi m'ascaill...ach feicfidh muid!
laoighseach.bsky.social
Níl rud ar bith eagraithe thoir fós, ach beidh seoladh ó thuaidh i mBéal Feirste ar an 24ú mí na Samhna agus ceann eile i nGaillimh ar an 28ú den mhí chéanna. Más spéis le daoine seoladh a dhéanamh thoir, áfach...
laoighseach.bsky.social
Rudaí a bhíodh neodrach bíonn leagan firinscneach agus leagan baininscneach díobh sa ghinideach go minic. i. na talún, an talaimh / an chontae, na contae. Ní raibh a fhios agam go raibh 'scéal' ina measc go dtí anois. Agus 'gaineamh' freisin de réir Uí Dhónaill!
Reposted by Laoighseach Ní Choistealbha
imramfeile.bsky.social
FÉILE IMRAM 8-23 SAMHAIN 2025
Tar linn ar aistear mistéireach!

DÁN NA CAILLÍ: SONG OF THE HAGWITCH
CEOLTA: AN HIP-HAP GAELACH
BARD NA PÁIRCE: THE POET OF CROKE PARK
AMHRÁIN NA GEALAÍ: TIONSCADAL PHOEBE BRIDGERS
agus go leor leor eile! Imram.ie
laoighseach.bsky.social
... agus le bheith féaráilte do mo dhuine níl sin á mhaíomh aige. Ach tá sé spéisiúil. Bhí caint cúpla mí ó shin faoin iomarca daoine a bhí ag déanamh PhD i litríocht na Gaeilge freisin seachas PhD i bpleanáil/bpolasaí teanga
laoighseach.bsky.social
Níl a fhios agam faoi ollscoileanna eile, ach bhí cothromas maith ann i nGaillimh idir litríocht, foghlaim na teanga, sochtheangeolaíocht, amhránaíocht, lámhscríbhinní, béaloideas, etc.

Ní aontaím leis an rogha dubh is bán idir 'polasaí' agus 'litríocht' a dtráchtar go minic air...