Dennis King
@kingdonncha1.bsky.social
710 followers 360 following 8.9K posts
Alces monnes lif bið sumes monnes lar. Is ceacht do dhuine éigin saol gach duine. sa tuiseal gairmeach: a Dhonncha, a Dennis, do Mhórgacht
Posts Media Videos Starter Packs
kingdonncha1.bsky.social
✔️ Tar duit = Tar éis duit …
kingdonncha1.bsky.social
Ach thug Indian Railways an kulhad ar ais cúig bliana ó sin 👏🏼👏🏼 le fadhb an bhruscair a laghdú! Agus deir a lán daoine go bhfuil blas níos fearr ar an tae i gcupán cré.
kingdonncha1.bsky.social
Ní raibh cupáin déanta as páipéar nó plaisteach ann ar chor ar bith. Tar duit an tae, a raibh bainne agus siúcra ann, a ól chaith tú an kulhad as an bhfuinneog. Rinneadh smionagar de, agus talamh de sin réir a chéile. Tháinig na cupáin *nua-aoiseacha* isteach ina dhiaidh sin, ar ndóigh.
kingdonncha1.bsky.social
Nuair a bhí mé i mo chónaí san Ind 50 bliain ó shin bhí “Chai garam ~ चाय गरम ~ Tae te!” le cloisteáil agus le fáil i ngach stáisiún nuair a stop an traein. Tháinig an chaiwala chuig fuinneog na traenach agus fuair tú an tae in kulhad ~ कुल्हड़, cupán cré ísealbhácáilte.
kingdonncha1.bsky.social
An mbeifeá in ann crosfhí a dhéanamh as na saigheada sin, len é a dhéanamh níos “Ceiltí” fós? 🤔
kingdonncha1.bsky.social
Tá dathanna dorcha IS so-aitheanta.
kingdonncha1.bsky.social
Spás do phrátaí chomh maith.
kingdonncha1.bsky.social
Tá gairdíní an Árais sách mór. Bheadh spás iontu do fhraoch, gan dabht.
kingdonncha1.bsky.social
kingdonncha1.bsky.social
Le haird a bhaint den chogadh aicmeach a chothaítear gach cogadh cultúir.
kingdonncha1.bsky.social
Le haird a bhaint den chogadh aicmeach a chothaítear gach cogadh cultúir.
kingdonncha1.bsky.social
“Fógraím an Fómhar!” a deir an crann beag darach.
kingdonncha1.bsky.social
Tá. Ach níor chonaic mé riamh é ach sa logainm “Garbhchríocha na hAlban” = The Highlands of Scotland.
kingdonncha1.bsky.social
Tá dán eile ann faoin subh ar an mbaschrann (.i. boschrann) atá an-chosúil leis sin.
kingdonncha1.bsky.social
Léigh mé ”𝘨𝘰 𝘣𝘩𝘧𝘶𝘪𝘭 𝘣𝘢𝘳𝘳 𝘮𝘦𝘢𝘴𝘢 𝘵𝘶𝘪𝘭𝘭𝘵𝘦 𝘢𝘤𝘶” anseo ar maidin sula bhfuair mé mo chuid caife. Léim an focal “measa” amach 😳. Ach an “measa” cearr a bhí ann ar feadh meandair. Go holc? Níos measa fós? 🤔 Ansin chuir an comhthéacs i gceart mé 💡.
“Ól an ☕️, léigh na focail, a mhac!”
kingdonncha1.bsky.social
Ró-chosúil le tumoideachas? Pé scéal é, ní oideachas go príomha atá i gceist ach riar scileanna agus cleasanna.
kingdonncha1.bsky.social
“Bushcraft” i nGaeilge? @coistenabhfocalnua.bsky.social @maitiuocoimin.bsky.social Tá formhór na dteangacha Eorpacha sásta bushcraft(ing) a rá. Tá gwylltgrefft (< gwyllt + cræft) ag na Breanaiseoirí. An fiú a rá gur tháinig “gwyllt” agus “gealt” araon ó *gʷeltis na Próta-Cheiltise?
kingdonncha1.bsky.social
Caoladóireacht atá ann. Tugann sé bushcraft air. Déarfainn go bhfuil sé níos cosúile le performance art / taibhealaín. Is fiú beathnú air ag obair, cibé ar bith atá ann. @omaoldomhnaigh.bsky.social

www.youtube.com/watch?v=-WA7...
kingdonncha1.bsky.social
Is dócha go raibh fraitheacha na seantithe in Éirinn - na cinn is fearr ar aon nós - níos cosúile leis an obair álainn sin ná le obair mo dhuine a dhéanann bushcraft do YouTube in Полісся san Úcráin.
kingdonncha1.bsky.social
Ar bhlais tú 獅子頭 riamh nuair a bhí tú ann? Rinne mé aréir é den chéad uair agus thaitin sé go mór linn. Bia baile / bia compoird atá ann. Tá fáilte roimhe agus an aimsir ag fuarú anseo faoi dheireadh. Tá an pic seo ón idirlíon. Cuireann sé “bagún is cabáiste” i gcuimhne dom.
kingdonncha1.bsky.social
Fadó fadó: Níor cheart d’ainm an fhir uasail a nochtadh sa nuachtán ach trí uaire ina shaol: nuair a rugadh é, nuair a phós sé, agus nuair a fuair sé bás. 😂
kingdonncha1.bsky.social
Caoladóireacht atá ann. Tugann sé bushcraft air. Déarfainn go bhfuil sé níos cosúile le performance art / taibhealaín. Is fiú beathnú air ag obair, cibé ar bith atá ann. @omaoldomhnaigh.bsky.social

www.youtube.com/watch?v=-WA7...